Beidh Máire Nic an Bhaird, ball de Na Gaeil Óga i mBéal Feirste, beidh sí os comhair na cúirte sa chathair Dé Céadaoin 19ú Iúil. A coir – gur labhair sí as Gaeilge leis na póilíní.
TACAÍONN NA GAEIL ÓGA LE MÁIRE NIC AN BHAIRD – CEARTA TEANGA, CEARTA DAONNA
Beidh Máire Nic an Bhaird, ball de Na Gaeil Óga i mBéal Feirste, beidh sí os comhair na cúirte sa chathair Dé Céadaoin 19ú Iúil. A coir – gur labhair sí as Gaeilge leis na póilíní.
Arsa Ciarán Ó Brolcháin, Rúnaí Ghaeil Óga Bhéal Feirste, “Is seafóid amach is amach é gur gabhadh an bhean óg seo de bhrí gur labhair sí leis na péas ina teanga dúchais.
“Cuireann an eachtra seo in iúl go soiléir go bhfuil Acht Teanga de dhíth chun cearta Ghaeilgeoirí na Sé Chontaethe a chosaint ó ghéarleanúint na bhfhórsaí seichteacha agus ciníocha mar an PSNI.”
Lean sé ar aghaidh, “Beidh agóid ag grúpaí teanga agus eagrais eile, Na Gaeil Óga ina measc, taobh amuigh de Chúirt Chos an Lagáin ag 10rn Dé Céadaoin. Tá muid ag dúil go mbeidh an méid is mó daoine agus is féidir ansin ag tacú le Máire agus lena seasamh in éadan leatrom bhunaíocht na Sé Chontaethe.”
CRÍOCHNAÍONN