Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie
Galway - Event Notice
Thursday January 01 1970

Scéalaíocht le Máirín MhicLochlainn i gClub Áras na nGael, Gaillimh

category galway | arts and media | event notice author Wednesday November 04, 2009 12:48author by Coilín "The" Oh-Aissieux - Narrative Arts Club

Seanscéalta traidisiúnta gaelacha le bean a fuair ón mbéaloideas iad.

Tráthnóna Dé Sathairn 7 Samhain, i gClub Áras na nGael, Gaillimh, cuirfidh Máirín MhicLochlainn ó Chonamara tús le sraith seisiún scéalaíochta ina n-inseoidh sí na Scéalta Fiannaíochta atá aici óna h-athair. Tosnóidh sí le scéal darb ainm Mac Rí na Binne.

Seo deis do mhuintir na Gaillimhe roinnt seanscéalta gaelacha a chloisteáil ó bhean a fuair ón mbéaloideas iad.

Scéalaíocht le Máirín MhicLochlainn
Club Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh
7 Samhain 2009
2.00 - 4.00 iarnóin

Mairfidh an scéalaíocht féin timpeall uair an chloig, ach glacfaidh Máirín sos nó dhó, agus beidh deis ag an lucht éisteachta comhrá a dhéanamh léi mar gheall ar an scéalaíocht ag an deireadh. Mar sin, timpeall dhá uair a mhairfidh an seisiún iomlán.

An uair seo, beidh Máirín ag cur tús le sraith seisiún scéalaíochta ina n-inseoidh sí na Scéalta Fiannaíochta atá aici óna h-athair. Mac Rí na Binne an chéad cheann acu.

Leanfaidh an tsraith ar aghaidh ar na dátaí seo a leanas: 21 Samhain, 5 Nollaig, 19 Nollaig.

Fáilte roimh chách. Saorchead isteach.

Related Link: http://www.narrativeartsclub.com/page2.htm

Comments (1 of 1)

Jump To Comment: 1
author by Coilín "The" Oh-Aissieux - Narrative Arts Club publication date Wed Nov 04, 2009 13:05author address author phone

Beidh seisiún scéalaíochta le Máirín Mhic Lochlainn ar siúl i gClub Áras na nGael ... ar an Satharn, 7 Samhain 2009 ón 2.00 - 5.00in, agus beidh seisiún cheoil thraidisiúnta le Dusty Banjos níos déanaí an oíche chéanna.
...
Seo mar a chuireann Máirín Mhic Lochlainn síos ar a cuid scéalaíochta: "Maidir leis an scéalaíocht, fuair mé mar atá a fhios agat ó mo athair Beartla Ó Maoileoin, nó Beairtlín Rua iad. Fuair seisean a chuid scéalta ag cuairtíocht ar oícheanta airneáin i dteach seanfhir a mhair leis féin, Maitíos a' Búrca an t-ainm a bhí air, agus bhí cónaí air i mBaile an tSléibhe i Ros a' Mhíl. Bhíodh buachaillí an bhaile cruinnithe isteach sa teach aige, agus é ag inseacht scéalta dóibh. Is ó a bheith ag oíche airneáin a fuair seisean a chuid scéalta é fhéin."

An oíche sin beidh seisiún breá, bhríomhar leis na Dusty Banjos. Is ceol traidisiúnta a sheinneann an banna le meascán ceoltóirí ag gach aon seisiún. Dá bharr seo, d'fhéadfá a rá gur Club Áras na nGael ceann de na hionaid is fearr do sheisiún traidisiúnta. Bunaíodh an seisiúin seo do mhic léinn le uirlisí traidisiúnta i 2002. Ó ham go chéile bíonn luas níos moille leis an seisiún ná seisiúin eile a thugann deis do na daoine atá cúthail nó nach bhfuil in ann luas tapaidh a choinneáil. Dá rá sin bíonn seisiúin breá bríomhar ann chomh maith. Is seisiún oscailte é seo agus tá fáilte roimh cheoltóirí, éisteoirí agus damhsóirí.

Casann Dusty Banjos i gClub Áras na nGael ar an gcéad Shatharn de gach mí agus beidh an chéad seisiún eile ar siúl ar an Satharn 7 Samhain 2009 ag 10.00 in le saorchead isteach. Fáilte roimh chách!

TUILLEADH EOLAIS:

Gráinne Ní Chonghaile
Club Áras na nGael
Conradh na Gaeilge, Gaillimh
conradh@bradan.iol.ie / +353 (0)91 567824

Related Link: http://www.cnag.ie/index.php?page=news&action=view&news_id=138

http://www.indymedia.ie/article/94653

Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.