Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie
Galway - Event Notice
Thursday January 01 1970

Scéalaíocht le Máirín Mhic Lochlainn cois tine i gClub na nGael

category galway | arts and media | event notice author Saturday November 14, 2009 17:08author by The Oh-Aissieux - Club na n-Ealaíon Scéalaíochtaauthor email narrativearts at gmail dot comauthor phone 086 060 3818

Seanscéalta traidisiúnta ó Chonamara

Scéalaíocht le Máirín Mhic Lochlainn cois tine
Club Áras na nGael, 45 Sráid Dominic, An Gaillimh
21 Samhain óna 2-4 iarnóin
Saorchead isteach (ach glacfar le deontais).
Fáilte roimh chách.

Seo deis do mhuintir na Gaillimhe na seanscéalta gaelacha a chloisteáil ó bhean a fuair ón mbéaloideas iad: Máirín MhicLochlainn ó Chonamara. Glacfaidh sí sos anois agus arís, agus beidh deis ag an lucht éisteachta ceisteanna a chur uirthi agus comhrá a dhéanamh léi mar gheall ar an scéalaíocht ar deireadh.

Mar sin, beidh an seisiún seo feiliúnach do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge, cuma cán caighdeán atá acu roimh ré.

Cuid de sraith seisiún scéalaíochta é seo. Leanfar ar aghaidh leis na seisiúin seo ar an 5ú agus an 19ú Nollaig. Níl dátaí againn don athbhliain fós.

Tuilleadh eolais faoi Chlub na n-Ealaíon Scéalaíochta:
http://www.narrativeartsclub.com/page2.htm


http://www.indymedia.ie/article/94777

Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.